Oideachas d’Aosaigh agus Pobail

Ráiteas Misin

Tá Seirbhís Oideachais Aosaigh Chontae Chorcaí tiomanta do sheirbhís d’ardchaighdeán a chur ar fáil dár bhfoghlaimeoirí toisc go bhfuil an ceart ag gach éinne a gcuid eolais, scileanna agus cumais a fhorbairt chun nithe a bhaint amach agus chun páirt a ghlacadh sa saol sóisialta, eacnamaíochta agus cultúrtha.

Seirbhís Oideachais Aosaigh agus Pobail

Is é an fhís atá againn ná seirbhís oideachais comhtháite d’aosaigh a chur chun cinn agus go mbeidh páirt ag gach cuid den tseirbhís sin in acmhainn oideachasúil, a bhfuil géarghá leis i réigiún Chontae Chorcaí. Cuirimid an raon clár atá againn in oiriúint agus bíonn gach gné den Fhoghlaim Aosach san áireamh laistigh d’aonad iomlán. Tá cumasc agus comhtháthú seirbhísí idir Oideachas Pobail, An Tionscnamh um Fhilleadh ar an Oideachas, Litearthacht, Oiliúint an Lucht Taistil, Treoir, Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais, Uasoiliúint agus Oiliúint i gceist leis seo. Is é an dúshlán ná daoine aonair a chumasú agus ligint dóibh páirt iomlán a ghlacadh san oideachas agus san oiliúint trí scileanna agus eolas atá ag teastáil uatha le bheith mar bhaill ghníomhacha den ghrúpa foghlama a chur ar fáil dóibhs agus sa tslí sin a bheith níos gníomhaí agus a bheith ag feidhmiú go hiomlán mar bhaill den phobal.

Cuireann an tSeirbhís Oideachais Aosaigh oideachas agus oiliúint ó Leibhéal 1 go Leibhéal 6 ar fáil mar chuid den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí. Léiríonn an mana atá againn, a bhfuil sé chéim ann, an aidhm seo. Is féidir le rannpháirtithe páirt a ghlacadh ag leibhéal ar bith agus dul chun cinn a dhéanamh de réir mar a oireann sé dóibh. Tá an tseirbhís seo againne tiomanta do chomhpháirtíochtaí a fhorbairt agus a choinneáil ar siúl le gníomhaireachtaí eile. Tá caidreamh oibre láidir againn le comhpháirtithe i gContae Chorcaí agus aithnímid an luach a bhaineann leis an “modh comhpháirtíochta”. Creidimid gur féidir leis an modh seo na buntáistí is mó a bhaint amach do bhreis cliant inár gceantar féin.
Tá aidhm ag an tSeirbhís:
  • cláir fhoghlama atá réalach agus ar fáil ag amanna agus in ionaid atá oiriunach don tseirbhís a chur ar fáil.
  • Caitheamh go measúil le gach aosach.
  • Foirgnimh agus ionaid fhor-rochtana atá sábháilte agus ar ard-chaighdeán a chur ar fáil.
  • Timpeallacht Foghlama uileghabhálach a chothú a fhreastalaíonn ar dhaoine faoi mhíchumas agus a dhéileálann le ceisteanna a bhaineann le bealach isteach fisiciúil a bheith ar fáil agus fáil a bheith ar an gcuraclam.
  • Deimhin a dhéanamh de go bhfuil dea-oiliúint ar an bhfoireann agus go bhfuil siad ag freagairt do riachtanais an fhoghlaimeora.
  • Caidreamh maith a chothú agus éiteas a chruthú a bhfuil meas aige ar an ilchultúrthacht.
  • Córais chumarsáide inmheánacha agus seachtracha a bheith ann atá oscailte agus soiléir.
  • Machnamh a dhéanamh ar fheidhmiú na seirbhíse.
  • A bheith cruthaíoch, tionscantach agus comhoibríoch maidir le seirbhísí agus cláir a fhorbairt.
  • Comhpháirtíochtaí a fhorbairt agus a chaomhnú.