Scoil Cheoil Chontae Chorcaí

Tá Scoil Cheoil Chontae Chorcaí, atá faoi stiúir Choiste Gairmoideachais Chontae Chorcaí, tiomanta d’fhorbairt cheoil agus d’fhorbairt chultúrtha sa chontae le breis agus 50 bliain trí oideachas ceoil a chur ar fáil do pháistí agus don óige. Ceann de na scoileanna ceoil il-champais is bríomhaire in Éirinn is ea Scoil Cheoil Chontae Chorcaí (SCCC).

Tá seirbhís chuimsitheach SCCC ag feidhmiú ar fud an chontae ar fad agus tá ról tábhachtach ag an scoil ní amháin sa tairbhe a dhéanann sé do gach mac léinn ach i bhfeabhsú na bpobal áitiúil. Cuireann SCCC cláir uirlise agus ensemble d’ardchaighdeán ar fáil a fhreastalaíonn, go speisialta, ar pháistí agus ar dhaoine óga go dtí go mbíonn thart ar 21 bliain d’aois slánaithe acu.

Tá an réimse clár uirlise agus ensemble, atá ar fáil i ngach ceann d’ár gceantair, éagsúil. Cuireann múinteoirí oilte, a bhfuil taithí acu, cláir SCCC i láthair. Tá siollabas SCCC le haghaidh gach aon uirlis ar leith ar fáil ag an scoil.

Is féidir le mic léinn páirt a ghlacadh i gcláir scoile ó thosnaitheoirí go dtí ardchaighdeán, ag brath ar an taithí atá acu.

Is féidir breis eolais a fháil ó Scoil Cheoil Choiste Gairmoideachais Chontae Chorcaí agus tá na nósanna imeachta ar fáil ar láthair idirlín nua na scoile ag www.ccsm.ie