Naisc
-
An Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais
Molann an Coimisiún d’fhostóirí agus do chearchumainn dearcadh dearfach agus cuiditheach a bheith acu maidir le caidreamh tionsclaíoch. Tacaíonn sé le cur i bhfeidhm nósanna imeachta comhairliúcháin agus idirbheartaíochta chun aighnis, a tharlaíonn i bhfostaíochtaí ar leith, a réiteach.
-
An Cumann Gairmoideachais in Éirinn
Labhrann an Cumann Gairmoideachais in Éirinn, ag an leibhéal náisiúnta, ar son an 33 Coiste Gairmoideachais in Éirinn (CG)
-
An tIonad Náisiúnta Comhpháirtíochta agus Feidhmíochta
Bhunaigh an Rialtas an tIonad Náisiúnta Comhpháirtíochta agus Feidhmíochta in 2001 chun athrú agus nuálaíocht bunaithe ar chomhpháirtíocht in ionaid oibre na hÉireann a chur chun cinn agus a éascú.
-
An tÚdarás Comhionannais
Bord neamhspleách is ea an tÚdarás Comhionanais a bunaíodh faoin Acht um Chomhionannas Fostaíochta 1998 ar an 18 Deireadh Fómhair 1999. Tháinig sé in áit na Gníomhaireachta um Chomhionannas Fostaíochta agus tá ról agus feidhmeanna i bhfad níos leithne aige.
-
Ciste Sóisialta na hEorpa
Plean ar fiú €1.360 bhilliún is ea Clár Oibriúcháin Infheistíocht Chaipitiúil Daonna (COICD) 2007-2013 a thugann faoi riachtanais mhargadh fostaíochta agus forbairt chaipitiúil daonna a fhreagairt don tréimhse 2007-2013.
-
Medmark - Seirbhís Sláinte Ceirde do Mhúinteoirí
Seirbhís sláinte ceirde a dhéanann freastal ar scoileanna agus ar mhúinteoirí is ea Medmark4teachers.
-
SIPTU
Labhrann an Ceardchumann Seirbhisí, Tionsclaíoch, Gairmiúil agus Teicniúil (CSTGT) ar son breis is 200,000 oibrí Éireannach ó gach cineál fostaíochta agus i ngach earnáil de gheilleagar na hÉireann, nach mór.
-
UNITE
Unite is ea an ceardchumann is mó sa Bhreatain le breis is dhá mhilliún ball i ngach cineál ionad oibre. Unite is ea an ceardchumann don 21 céad. Bunaíodh Unite nuair a rinneadh cumasc idir dhá cheann de na ceardchumainn ba mhó sa Bhreatain, T&G agus Amicus


