Príomh-Ghnéithe
Príomh-Ghnéithe an Achta um Obair don Aos Óg 2001
Is é cuspóir an Achta ná creat dlíthiúil a chur ar fáil do sholáthar chláir oibre agus seirbhísí ag an Aire, ag Coistí Gairmoideachais (CGO) agus ag Eagrais Náisiúnta agus Réigiúnacha don Óige.Is iad príomh-ghnéithe an Achta ná:
- Sainmhíniú ar Obair don Óige a dhéanamh go soiléir agus go gonta
- Measúnú a dhéanamh ar fheidhm pholasaí, buiséid, taighde, monatóireachta an Aire Oideachais
- Sainmhíniú a dhéanamh ar fheidhm na gCoisti Gairmoideachais maidir le hObair don Óige, go háirithe nósanna imeachta, pleanáil agus ord tosaíochta a bheith ag cistí agus maidir le tuairisciú ar sholáthar clár agus seirbhísí maidir le hObair don Óige
- Chun Coiste speisialta maidir le hObair don Óige a bhunú i ngach ceantar den Choiste Gairmoideachais
- Struchtúr a chur ar fáil do Choiste Comhairleach Náisiúnta d’Obair don Óige
- Leithdháileadh deontas maidir le hObair don Óige a dhéanamh foirmeálta
- Comhairlí Deonacha don Óige a bhunú chun labhairt ar son riachtanas agus éileamh na hearnála deonaí ag an leibhéal áitiúil
- Measúnóir Náisiúnta ar Obair don Óige a cheapadh chun an úsáid is fearr don airgead poiblí i gcláir agus seirbhísí obair don óige a chinntiú.
Déanann an tAcht foráil maidir le Coistí Gairmoideachais:
- Caithfidh Coistí Gairmoideachais a chinntiú go bhfuil soláthar dóthanach de chláir agus seirbhísí obair don óige ann i gcomhordú le heagrais dheonacha agus le heagrais don óige
- Beidh ar Choistí Gairmoideachais plean forbartha trí bliana a ullmhú dá gceantair riartha
- Beidh Coistí Gairmoideachais in ann cúnamh airgeadais d’Eagrais Obair don Óige a dheonú, a aistarraingt nó a laghdú
- Beidh Coistí Gairmoideachais in ann socruithe a dhéanamh chun cláir agus seirbhísí a sholáthar d’Obair don Óige sa chás nach bhfuil siad á soláthar.


