Conas do Thicéad a Cheannach

Céim 1
Ní mór do dhaltaí foirm iarratais maidir le hiompar scoile do thimthriall 09/10 a chomhlánú agus é a thabhairt ar ais go dtí an scoil is rogha leo ionas go síneoidh an Príomhoide é.

Tá trí chineál foirm iarratais maidir le hiompar scoile ar fáil don timthriall 09/10:

Foirm N: Dalta nua ag clárú don chéad uair san iarbhunscoil
Foirm T: Foirm aistrithe, dalta ag aistriú áit chónaithe nó scoile
Foirm E: Dalta sa scoil cheana féin ach ag cur iarratas isteach maidir le hiompar scoile don chéad uair.

Céim 2

Cuireann an scoil an fhoirm iarratais ar aghaidh ansin go dtí an Oifig Teagmhála Iompair. Déantar próiseáil air agus cuirtear ar aghaidh chuig Bus Éireann é. Cuirfidh an Oifig Teagmhála Iompair eolas i scríbhinn chuig daltaí nach bhfuil incháilithe leas a bhaint as iompar scoile.

Céim 3

Má fhaigheann dalta cead úsáid a bhaint as iompar scoile, gheobhaidh sé/sí sonrasc le haghaidh €300 i Meitheamh 09 ó Bhus Éireann. Is féidir íoc as ticéid in dhá thráthchuid, i.e., €150 atá le híoc roimh 31 Iúil 09 agus €150 atá le híoc roimh 4 Nollaig 09. Is féidir tráthchuid amháin de €300 a íoc in Iúil 09.

Íocaíocht don Ticéad
Táillí leasaithe agus ticéid don scoilbhliain 2009/2010

Seiceanna iníoctha le Bus Éireann agus iad a phostáil chuig:

  • Bus Éireann, Oifig Iompair Scoile, Tobar an Chaipín, Corcaigh.
Tá áis arlíne ag Bus Éireann anois chun íoc as ticéid iompair ar an láthair idirlín; cliceáil anseo. Tá Uimhir Aitheantais an Teaghlaigh agus Uimhir Aitheantais Phearsanta ag teastáil. Muna bhfuil d’Uimhir Aitheantais ar eolas agat, déan teagmháil le Bus Éireann, led’ thoil.

Is ceart gach ceist maidir le heisiúint ticéad agus íocaíocht as ticéid a chur chuig: Bus Éireann, Oifir Iompair Scoile, Tobar an Chaipín, Corcaigh. Teil: 021-4557128/021-4557129

Ríomhphost: charlotte.donnelly@buseireann.ie nó marie.kelleher@buseireann.ie