Scéim Iompair do Scoileanna Bunoideachais agus Iar-bhunoideachais
Tá Bus Éireann freagrach as bealaí a phleanáil, tiománaithe bus a fhostú, táillí a bhailiú agus as cinntiú go gcomhlíontar rialacháin shábháilteachta agus árachas.
Conas do thicéad a cheannach
Tá Príomhfheidhmeannach Choiste Gairmoideachais Chontae Chorcaí freagrach as an scéim iompair scoile a riaradh i gContae Chorcaí do gach ceann den 59 Ionad Iarbhunoideachais atá i gContae Chorcaí. Tugann an Príomhfheidhmeannach cúnamh do Bhus Éireann mar feidhmíonn sé mar Oifigeach Teagmhála Iompair (OTI) don chontae.
Dáta Tosaithe Oifigiúil do Thús Iompair Scoile i dtimthriall 09/10:
Tá dáta tosaithe na Seirbhísí Iompair Scoile, ag cur Dátaí Scrúdaithe 2010 san áireamh, deimhnithe ag an Roinn Oideachais don Luan 31 Lúnasa 2009. Cuireann an dáta seo 167 lá teagaisc ar fáil roimh thosach na scrúduithe – an Bhliain Chaighdeánach Scoile curtha san áireamh. Má theastaíonn ó scoileanna an cinneadh seo a cheistiú, déan teagmháil le:Oliver Hughes - Teil. 05793-25468
Ríomhphost: oliver_hughes@education.gov.ie
Conas Cur Isteach Ar Iompar Scoile
Cuireann an Oifig Teagmhála Iompair foirmeacha iompair scoile go dtí an 59 Ionad iarbhunoideachais sa chontae ag deireadh mhí Feabhra gach bliain.Is féidir trí chineál foirmeacha a íoslódáil:
- Foirm N: Dalta nua atá ag clárú don chéad uair in iarbhunscoil
- Foirm T: Foirm aistrithe, dalta ag athrú áit chónaithe nó scoile
- Foirm E: Dalta atá sa scoil cheana féin ach a bhfuil iarratas ar iompar á dhéanamh aige don chéad uair
Is féidir foirmeacha a fháil sna hiarbhunscoileanna, chomh maith, ó Mhárta ar aghaidh gach bliain. Caithfidh an fhoirm a bheith comhlánaithe go hiomlán agus sínithe ag an bPríomhoide scoile.
Is ceart do scoileanna na foirmeacha comhlánaithe a sheoladh chuig an Oifig Theagmhála Iompair, Coiste Gairmoideachais Chontae Chorcaí le haghaidh próiseála. Cuireann an Oifig Teagmhála Iompair foirmeacha próiseáilte chuig Bus Éireann sa dara seachtain de mhí Bealtaine gach bliain. Scríobhfaidh an Oifig Teagmhála Iompair chuig teaghlaigh ar leith nach bhfuil cáilithe don scéim iompair scoile.
Is é an ról agus an dualgas atá ar Bhus Éireann ná sonraisc agus ticéid a eisiúint.
1. Cáilitheacht don Scéim Iompair Scoile
1.1 Le bheith incháilithe chun an córas iompair a úsáid faoin scéim seo, caithfidh dalta a bheith:
- cláraithe le haghaidh cúrsa faofa in iarbhunscoil aitheanta;
- gan a bheith níos óige ná 12 bhliain ar an gcéad lá d’Eanáir den scoilbhliain nuair a thosaíonn an dalta oideachas dara leibhéal;
- de ghnáth, beidh cúrsa iomlán sa bhunoideachas déanta ag an dalta;
- ag maireachtáil 4.8 ciliméadar (3 mhíle) nó níos mó óna ionad/hionad iarbhunoideachais chuí.
1.2 Is féidir daltaí incháilithe a iompar go dtí an t-ionad iarbhunoideachais a fhreastalaíonn ar an abhantracht scoile ina maireann siad. (Tugtar ‘Daltaí Láncháilithe’ (DL) ar dhaltaí a bhaineann leas as áiseanna den chineál seo”).
1.3 Eagraítear seirbhísí iompair scoile mar ghréasán príomhbhealaí a dhéanann freastal ar gach abhantracht scoile. Bítear ag súil go dtiocfaidh daltaí atá ag maireachtáil amach ó phríomh-bhealach go dtí ionad bailithe cuí ar an bpríomh-bhealach nó go dtabharfar ann iad. Ní bhaileofar na daltaí seo ach ar an bpríomh-bhealach amháin. De ghnáth, déanfar na bealaí a phleanáil sa tslí nach mbeidh ar dhalta ar bith níos mó ná 3.2 ciliméadar (2 mhíle) a thaisteal go dtí ionad bailithe.
2. Iompar Lamháltais
2.1 Nuair a fhreastalaíonn dalta incháilithe ar scoil nach í an t-ionad iarbhunoideachais a fhreastalaíonn ar an abhantracht scoile ina maireann sé/sí, is féidir lamháltas iompair a thabhairt dó/di ó theorainn abhantracht scoile an ionaid a bhfuil sé/sí ag freastal air, má bhíonn spás ar fáil ar an tseirbhís bus a théann go dtí an t-ionad sin.
2.2 Tá na daltaí freagrach as taisteal go dtí an teorainn atá ag an abhantracht scoile nó go dtí an tseirbhís bhus scoile atá laistigh den abhantracht scoile is cóngaraí. Tugtar ‘Daltaí Abhantracht Scoile’ ar dhaltaí a bhaineann leas as áiseanna mar seo (AS).
2.3 Má ghlactar le dalta d’iompar abhantracht scoile, níl aon deimhniú ann go gceadófar iompar scoile dó/ chomh fada agus a bheidh oideachas á fháil aige/aici ag an ionad sin. Toisc gur beart lamháltais é seo, braithfidh iompar leanúnach ar spás a bheith ar fáil ar an mbus go dtí an t-ionad sin i rith gach téarma scoile. Tabharfar tús áite do dhaltaí incháilithe atá cláraithe nó a bhfuil sé beartaithe acu clárú i scoil atá laistigh den abhantracht scoile ina maireann siad. Mura bhfuil tú cinnte faoin abhantracht scoile ina maireann tú nó faoi na cineálacha iompair scoile éagsúla, téigh i dteagmháil leis an Oifig Teagmhála Iompair.
3. Ranníocaíocht
3.1 Is féidir le daltaí incháilithe leas a bhaint as iompar scoile faoin scéim má íocann siad an Táille Ticéid. Má tá cárta liachta teaghlaigh
( seachas cárta liachta an dalta) ag tuismitheoirí nó ag caomhnóirí dlíthiúla daltaí incháilithe, is féidir táille na ndaltaí a mhaitheamh i gcás den chineál seo).
4. Deontais
4.1 Is féidir deontas a íoc mar chuid den chostas a bhaineann le socruithe iompair príobháideacha, má tá dalta incháilithe le haghaidh iompair agus nach bhfuil iompar ar fáil nó muna bhfuil dalta in ann leas a bhaint as iompar scoile de dheasca breoiteachta/míchumais.
4.2 I gcás daltaí láncháilithe atá ag maireachtáil níos mó ná 3.2 ciliméadar ón bpointe bailithe nó lasmuigh de raon sheirbhís iompair scoile, is féidir Deontas Ceantair Iargúlta, bunaithe ar fhad agus ar thinreamh, a íoc. Níl ach deontas amháin iníoctha do theaghlach amháin.
4.3 Cuireann an Príomhoide in iúl don Oifig Teagmhála Iompair, má tá iompar scoile ag teastáil ó dhalta riachtanais speisialta. Deontas Riachtanais Speisialta
5. Oideachas trí Ghaeilge
5.1 Má theastaíonn ó dhaltaí oideachas lán-Ghaeilge a fháil, tá siad incháilithe d’iompar go dtí an t-ionad is cóngaraí ina bhfuil meánscoil, gairmscoil, scoil chuimsitheach nó scoil phobail ag cur oideachas den chineál sin ar fáil, má mhaireann siad níos mó ná 4.8 ciliméadar (3 mhíle) nó níos mó ón ionad. I gceantair nach bhfuil iompar scoile ar fáil, is féidir deontais a chur ar fáil le haghaidh costas iompair príobháideach.
6. Ginearálta
6.1 Ní bhunófar seirbhís bus speisialta muna bhfuil, ar a laghad, seachtar daltaí incháilithe laistigh de cheantar ar féidir leis an mbealach bus freastal air go réasúnta agus go heacnamúil. Is ceart iarratais le haghaidh seirbhísí nua a sheoladh go dtí an Oifig Teagmhála Iompair.
6.2 Is é an t-uasam laethúil cuí le bheith ag taisteal agus ag feitheamh ná 2.5 uair an chloig ach i gcúinsí eisceachtúla is féidir an t-am seo a shárú.
6.3 Beidh áiseanna a thugtar faoin scéim seo ar dhiscréid an Aire Oideachais agus Eolaíochta.
6.4 Má úsáideann daltaí áiseanna iompair in aghaidh théarmaí na scéime, ní thugann sé seo ceart ar bith dóibh leanúint ar aghaidh ag úsáid na
n-áiseanna.
7. Chun Tuilleadh Eolais a fháil, téigh i dteagmháil le:
- John Lyons, Oifig Teagmhála Iompair, Coiste Gairmoideachais Chontae Chorcaí, Bóthar Chloich na Coillte, Droichead na Bandan, Co. Chorcaí.
Teil: 023-52919 Facs: 023-52939
Ríomhphost: johnlyonsbandon@eircom.net
Príomhfheidhmeannach/Oifigeach Teagmhála Iompair, Coiste Gairmoideachais Chontae Chorcaí, Teach Yeats, Cearnóg na Beairice, Baile an Chollaigh, Co. Chorcaí.
Ríomhphost: ceo@cocorkvec.ie
Rannóg Iompair Scoile, An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, Rannóg Iompair, An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, Foirgnimh an Chaisleáin, Sráid na Teamhrach, Tulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí.
Is féidir foirmeacha iarratais 08/09 agus doiciméid ghaolmhara eile le haghaidh iompair scoile a íoslódáil ó láthair ghréasáin na Roinne Oideachais agus Eolaíochta, rannóg iompair ag: www.education.ie
Teil: 05793-25465
Facs: 05793-25409
Ríomhphost: pat_oconnell@education.gov.ie
Oifig Iompair Scoile, Bus Éireann, Tobar an Chaipín, Corcaigh.
Gnáth-fhiosrúcháin maidir le híocaíocht ticéad agus eisiúint ticéad:
Teil: 021-4557129
Ríomhphost: info@buseireann.ie


