Scéimeanna Oibre don Óige maoinithe ag an gCoiste Gairmoideachais

Scéim Deontais Chlub Óige
Tá deontais don bhliain 2009 ar fáil anois don Scéim Deontais Chlub Óige. Is é an spriocdháta ná 20 Eanáir 2010. Is é an t-uasdheontas atá ar fáil ná €3000. Baineann an deontas le Grúpaí atá bainteach le hObair don Óige agus do ghrúpaí a bhaineann le Gníomhaíocht don Óige. Níl eagrais spóirt i dteideal cur isteach ar an scéim.

Tá an scéim seo á riar ag na Coistí Gairmoideachais thar ceann na Rannóige um Ghnóthaí Óige den Roinn Oideachais agus Eolaíochta.
Tionscadail Speisialta chun cabhrú leis an Óige faoi Mhíbhuntáiste
Tá scéim deontas ar fáil maidir le tionscadail speisialta lasmuigh den scoil le haghaidh daoine óga faoi mhíbhuntáiste. Tugtar tosaíocht do thionscadail a bhaineann le tionscnaimh oibre speisialta don óige, le daoine óga gan dídean, le mí-úsáideoirí substaintí agus le taistealaithe óga. Tugtar deontais d’eagrais agus do ghrúpaí le haghaidh tionscadal speisialta a dhéanann iarracht déileáil le riachtanais daoine óga atá faoi mhíbhuntáiste de dheasca na dtoscaí seo ar fad nó roinnt díobh:

  • daonra óige ard
  • óg-dhífhostaíocht
  • spleáchas ar chúnamh leasa shóisialaigh/dífhostaíochta
  • aonrú sóisialta
  • mí-úsáid drugaí/substaintí
  • gan dídean(gan dídean go sealadach san áireamh)
  • fadhbanna a bhaineann le hógchoireacht, loitiméireacht agus múitseáil
  • teip ghnáth-sheirbhísi don óige nó gan iad a bheith ann
  • easpa úsáide ghnáth-dheiseanna oideachasúla
Tá sé mar aidhm ag na tionscnaimh a bhaineann le hobair don óige, le cúnamh ó dheontais, ná forbairt phearsanta agus forbairt shóisialta na rannpháirtithe a éascú chun an acmhainn atá acu a bhaint amach agus, go háirithe, an t-eolas, scileanna agus dearcthaí atá riachtanach a thabhairt dóibh ionas gur féidir leo imeascadh, go cuí, sa tsochaí. Chomh maith leis sin, cuireann siad deiseanna ar fáil don óige chun tabhairt faoi ghníomhartha atá ag teacht lena mianta féin agus chun glacadh le freagrachtaí laistigh dá bpobail féin.

Tá an scéim seo á riar ag na Coistí Gairmoideachais thar ceann na Rannóige um Ghnóthaí Óige den Roinn Oideachais agus Eolaíochta.

Caithfear iarratais ar mhaoiniú faoin scéim a dhéanamh trí na Coistí Gairmoideachais.

Chun breis eolais a fháil, cliceáil anseo, led’ thoil