Oifigeach Óige an Choiste Ghairmoideachais

Post nua is ea an ról atá ag an Oifigeach Óige leis an gCoiste Gairmoideachais agus is comhartha spreagúil é in Obair don Óige, a bhfuiltear ag fanúint leis le fada, b’fhéidir. Aithnítear feidhmeanna an róil san Acht um Obair don Aos Óg 2001 agus is iad san, go príomhdha, ná:

  • Plean forbartha 3 bliana maidir le hobair don óige a dhréachtadh laistigh de réigiún an Choiste Ghairmoideachais
  • Tuarascáil bhliantúil a ullmhú agus luacháil ar chláir oibre agus ar sheirbhísí na hóige sa chontae a shocrú.
  • Pleananna, moltaí agus gníomhaíochtaí le heagrais Náisiúnta a bhaineann le hObair don Óige a chomhordú, eagrais dheonacha a dhéanann obair don ógra agus eagrais údaraithe laistigh de cheantar an Choiste Ghairmoideachais a ainmniú.
  • Moltaí a dhéanamh maidir le hiarratais ar dheontais, clárú agus leithdháiltí tionscnamh.
  • Ceapachán an Choiste maidir le hObair don Óige agus próiseas toghcháin Chomhairle Óige Dheonach a bhainistiú